2. Ag eitilt ó Éirinn go Meiriceá, casann an t-eitleán isteach ar stoirm uafásach. Tá cúrsaí go dona, agus buaileann tintreach ceann de na sciatháin i dtaca le holc.
3. Tá bean ar leith ann a chailleann an cloigeann. Ag screadaíl léi, éiríonn sí ina seasamh ag ceann an eitleáin.
5. Ansin scáirteann sí ‘Caithfidh mo chuid móimintí deireanacha ar an saol seo bheith ar dóigh! Rinne mé go leor imo shaol, ach níor mhothaigh mé ariamh imo bhean go huile is go hiomlán! ‘Nois, bhfuil duine ar bith anseo in ann cuidiú liom?”
6. Tá tost ann ar feadh soicind. Dearmad déanta ar a gcontúirt féin, stánann gach duine ar an bhean chaointeach ag ceann an eitleáin. Ansin, éiríonn fear ina sheasamh ar chúl an eitleáin.
8. Tá sé ard, guaillí leathana agus coim chúng, craiceann buí, gruaig fhada fhionn. Siúlann sé suas an pasáiste go mall, ag scaoileadh na gcnaipí ar a léine ceann i ndiaidh an cheann eile.
9. Níl giog as éinne. Ligeann an bhean osna aisti agus druideann an stráinséar léi.
10. Baineann sé de a léine. Nochtar na matáin ar a bhrollach. Síneann sé amach an léine ionsar an bhean atá ar crith, agus i gcogar deir sé: