2. PRÍOMHSCILEANNA
Réamhriachtanas don saol agus don ionad
oibre san 21ú haois is ea an cumas a bheith in
ann smaoineamh go criticiúil agus go
cruthaitheach, a bheith nuálach agus in ann
glacadh le hathruithe, dul i mbun oibre go
neamhspleách agus mar bhall foirne, agus a
bheith in ann machnamh a dhéanamh ar an
méid atá á fhoghlaim. Tá creat
príomhscileanna ceaptha mar chuid den
churaclam agus chun bheith mar chuid den
teagasc agus den fhoghlaim ag an tsraith
shinsearach de réir threochtaí idirnáisiúnta
agus faoi thionchar straitéis Liospóin agus
tionscnamh DeSeCo (Príomhinniúlachtaí a
Shainmhíniú agus a Roghnú) de chuid na
hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt
Eacnamaíochta (ECFE). Lena chois sin, tacóidh
na scileanna seo le forbairt agus feabhsú na
mbunscileanna litearthachta agus
uimhearthachta atá chomh tábhachtach sin
chun go mbeidh teacht ag foghlaimeoirí ar an
gcuraclam agus chun go mbeidh deiseanna acu
sa saol rompu. Samplaí is ea scileanna
cumarsáide agus fadhbréitigh, scileanna maidir
le heolas a fháil agus rogha a dhéanamh idir
chineálacha eolais, de na scileanna a
chuideoidh chun máistreacht ar an litearthacht
agus ar an uimhearthacht a bhaint amach i
ngach cuid den churaclam.
I ndiaidh dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara
agus le scoileanna agus taighde a dhéanamh,
aithníodh cúig phríomhscil atá lárnach don
teagasc agus don fhoghlaim i ngach cuid de
churaclam na sraithe sinsearaí. Is iad sin eolas
a phróiseáil, a bheith éifeachtach go pearsanta,
cumarsáid a dhéanamh, a bheith in ann
smaoineamh go criticiúil agus go cruthaitheach
agus dul i gcomhar le daoine . Is cuid
thábhachtach iad na príomhscileanna seo in
iarracht an uile fhoghlaimeora a
lánacmhainneacht a chomhlíonadh, le linn a
laethanta scoile agus ina ndiaidh. Cuireann siad
ar chumas foghlaimeoirí a bheith lánpháirteach
sa tsochaí, i saol an teaghlaigh agus an phobail
agus i saol na hoibre.
Mórchuid de na míreanna atá i gceist sna
scileanna seo, is cuid den teagasc agus den
fhoghlaim i ngach ábhar iad cheana féin. Mar
sin beifear ag tógáil ar an gcleachtas reatha
chun na príomhscileanna a neadú sa
churaclam agus beidh gá chomh maith le haird
níos mó a thabhairt ar na scileanna féin agus ar
a gcumas chun ról gníomhach a thabhairt
d’fhoghlaimeoirí. Is é a bheidh i gceist le neadú
na bpríomhscileanna seo sa churaclam ná raon
eispéireas agus torthaí foghlama a chur ar fáil
d'fhoghlaimeoirí a chuirfidh leis an teacht atá
acu anois agus feasta ar dheiseanna foghlama,
a chuirfidh lena n-idirghníomhaíocht shóisialta,
agus lena gcumas eolas a fháil, cumarsáid a
dhéanamh agus dul i gcomhar le daoine.
Creat comhtháite is ea creat na
bpríomhscileanna a léiríonn an gaol láidir idir
gach ceann de na cúig scil. De réir mar a
théann foghlaimeoirí i dtaithí ar gach ceann de
na príomhscileanna cuirfidh siad eolas ar
mhodhanna agus ar scileanna foghlama
ginearálta agus ar mhodhanna agus ar
scileanna ar leith a bhainfidh leis na rudaí atá á
bhfoghlaim acu féin. Mar sin beidh
foghlaimeoirí ag foghlaim conas dul i mbun
foghlama de réir mar a ghlacann siad na cúig
phríomhscil chucu féin.
Tá míreanna agus torthaí foghlama ag gabháil
le gach ceann de na príomhscileanna. Sna
míreanna gheofar cur síos ar an scil agus
soiléirítear iontu na scileanna a bheidh á
bhforbairt ag an dalta. Is i bhfoirm cineálacha
iompair a chuirtear na torthaí foghlama i láthair
den chuid is mó, agus léiríonn siad an fhianaise
a thaispeánfadh go raibh scil áirithe bainte
amach ag dalta. Tá léiriú ar na príomhscileanna
agus cuntas ar an gcuspóir atá leo tugtha thíos.
3. Beidh na príomhscileanna le sonrú ar bhealach
comhtháite i mórchuid réimsí sa churaclam
agus is iomaí deis a bheidh ag daltaí dul i
dtaithí orthu. De réir mar a fhorbrófar gach
ábhar nua, gach gearrchúrsa agus gach
idiraonaid, beidh na scileanna neadaithe sna
torthaí foghlama agus is iad na nithe sin a
sholáthróidh an bonn measúnachta don
fhoghlaim leanúnach agus le haghaidh
scrúduithe.
FORBRAÍONN NA
PRÍOMHSCILEANNA EOLAS
AGUS SCILEANNA FOGHLAMA
An fhís a bheadh againn d’fhoghlaimeoirí a
chríochnóidh an tsraith shinsearach ná go
leanfaidís orthu ag iarraidh barr feabhais a
bhaint amach i gcúrsaí foghlama agus go
gcothófaí grá don fhoghlaim iontu. Rachaidh
siad i dtaithí ar an eolas, na scileanna, na
dearcaí agus na luachanna a chuirfidh ar a
gcumas dul i mbun foghlama. Chun dul i mbun
foghlama ní mór dearcaí dearfacha a chothú i
leith na foghlama agus a bheith toilteanach dul
i ngleic le staideanna nua foghlama. Cabhróidh
sé le foghlaimeoirí freagracht níos mó a
ghlacadh i leith a gcuid foghlama féin de réir
mar a théann siad ar aghaidh tríd an tsraith
shinsearach, agus a spleáchas ar stiúir an
mhúinteora a laghdú de réir a chéile. De réir
mar a bíonn foghlaimeoirí ag gabháil do gach
ceann de na príomhscileanna cuirfidh siad
eolas ar mhodhanna agus ar scileanna
foghlama ginearálta agus ar mhodhanna agus
scileanna foghlama a bhainfidh lena gcúrsa
staidéir féin. Ar an gcaoi seo, cuireann gach
ceann de na cúig phríomhscil le cumas na
ndaltaí dul i mbun foghlama.
CONAS NA PRÍOMHSCILEANNA
A FHORBAIRT TRÍD AN
GCURACLAM
Beidh na príomhscileanna le sonrú ar bhealach
comhtháite i mórchuid réimsí sa churaclam
agus is iomaí deis a bheidh ag daltaí dul i
dtaithí orthu. Forbrófar iad trí thorthaí foghlama
gach ábhair, gach gearrchúrsa agus gach
idiraonaid. Ní bheidh cúrsaí nó aonaid ar leith á
ndéanamh ag daltaí sna príomhscileanna; ina
ionad sin beidh siad ag gabháil do na scileanna
i gcibé clár staidéir a roghnóidh siad. Cinnteoidh
an cur chuige seo i leith neadú na
bpríomhscileanna i ngach comhpháirt den
churaclam go mbeidh na scileanna bainteach le
hábhar agus úsáideach do na foghlaimeoirí ar
fad. Cuid lárnach d’fhorbairt gach ábhair, gach
gearrchúrsa agus gach idiraonaid a bheidh sna
príomhscileanna, ionas go mbeidh tionchar
dearfach suntasach acu ar thaithí foghlama
daltaí.
4. NA CÚIG PHRÍOMHSCIL
DUL I MBUN
CUMARSÁIDE
SMAOINTEOIREACHT
CHRITICIÚIL AGUS
CHRUTHAITHEACH
EOLAS A
PHRÓISEÁIL
A BHEITH
ÉIFEACHTACH GO
PEARSANTA
AG DUL I GCOMHAR
LE DAOINE
AN
FOGHLAIMEOIR
5. EOLAS A PHRÓISEÁIL
Cabhróidh an phríomhscil seo le foghlaimeoirí a
bheith inniúil i dtimpeallacht a bhraitheann go
mór ar eolas. Forbróidh foghlaimeoirí scileanna
ar leith maidir le conas teacht ar eolas, conas
rogha a dhéanamh idir chineálacha eolais,
conas eolas a mheas agus conas é a thaifead
ach lena chois sin gheobhaidh siad tuiscint ar
an difríocht idir eolas agus faisnéis agus ar róil
éagsúla an dá cheann nuair a bhíonn cinntí nó
breithiúnais á ndéanamh.
SMAOINTEOIREACHT
CHRITICIÚIL AGUS
CHRUTHAITHEACH
Cabhróidh an phríomhscil seo le foghlaimeoirí
eolas a chur ar na foirmeacha agus na patrúin
dhifriúla smaointeoireachta ionas go n-éireoidh
siad níos cumasaí i dtaca le réasúnaíocht
ardoird agus le fadhbréiteach. Agus iad ag dul i
dtaithí ar an bpríomhscil seo, beidh deis ag
foghlaimeoirí machnamh grinn a dhéanamh ar
fhoirmeacha smaointeoireachta agus ar na
luachanna a mhúnlaíonn a mbraistintí, a
dtuairimí agus a n-eolas féin.
CUMARSÁID A DHÉANAMH
Cabhraíonn an phríomhscil seo le foghlaimeoirí
a thuiscint cé chomh lárnach is atá an
chumarsáid i ngach cineál caidrimh idir
dhaoine, agus cabhraíonn leo feabhas a chur ar
a scileanna cumarsáide féin, idir fhoirmiúil agus
neamhfhoirmiúil. Forbróidh siad scileanna ar
leith i meáin éagsúla agus lena chois sin
gheobhaidh siad léargas níos fearr ar
chumhacht na cumarsáide i saol an lae inniu –
go háirithe i gcás teanga agus íomhánna. Cuid
den phríomhscil seo is ea inniúlacht agus
féinmhuinín a chothú sa litearthacht mar
bhunscil riachtanach don uile fhoghlaimeoir.
AG DUL I GCOMHAR LE DAOINE
Aibhsíonn an phríomhscil seo an chaoi a
gcuidíonn comhar le daoine eile leis an
bhfoghlaim agus le spriocanna comhchoiteanna
agus pearsanta a bhaint amach. Tugann sé
léargas éigin d’fhoghlaimeoirí ar dhinimic grúpaí
agus ar na scileanna sóisialta a theastaíonn
chun dul i mbun oibre le daoine eile. Ar an gcaoi
seo foghlaimeoidh siad gur féidir le comhar le
daoine inspreagadh an ghrúpa a mhéadú,
fuinneamh a scaoileadh agus leas a bhaint as
buanna an uile dhuine sa ghrúpa. I gciall níos
leithne, tuigfidh siad de réir a chéile go
gcothaíonn an cumas dul i mbun oibre le
daoine eile comhtháthú sóisialta agus gur scil
thábhachtach í chun dul i mbun caidrimh le
grúpaí éagsúla cultúrtha, eitneacha agus
reiligiúnacha.
A BHEITH ÉIFEACHTACH GO
PEARSANTA
Príomhscil í seo a chothaíonn forás pearsanta
agus féinfheasacht i bhfoghlaimeoirí, agus a
chabhraíonn leo an t-eolas sin a úsáid chun
spriocanna pearsanta agus pleananna saoil a
cheapadh. Cabhraíonn an scil seo le
foghlaimeoirí straitéisí a fhorbairt chun
féinmheasúnú, socrú spriocanna agus pleanáil
gníomhaíochta a chur i gcrích. Diminsean
tábhachtach den phríomhscil seo is ea
foghlaimeoirí a oiliúint chun modhanna oibre
éifeachtacha a aithint, acmhainní a bhailiú agus
a úsáid go héifeachtach, agus gníomhú as a
stuaim féin de réir a bpearsantacht agus a
luachanna pearsanta féin.
6. MÍREANNA NA BPRÍOMHSCILEANNA
PRÍOMHSCIL MÍREANNA
EOLAS A PHRÓISEÁIL • Eolas a fháil ó fhoinsí éagsúla
• Rogha agus idirdhealú a dhéanamh idir fhoinsí eolais, bunaithe ar a
n-iontaofacht agus a n-oiriúnacht don chuspóir
• Eolas a thaifeadadh, a eagrú, a achoimriú agus a chomhtháthú
• Eolas a chur i láthair ag baint úsáide as raon teicneolaíochtaí
faisnéise agus cumarsáide
SMAOINTEOIREACHT
CHRITICIÚIL AGUS
CHRUTHAITHEACH
• Patrúin eolais agus gaolmhaireachtaí idir chineálacha eolais a
scrúdú; eolas a rangú agus a chur in ord
• Argóintí a anailísiú agus a chumadh, dúshlán a chur faoi bhoinn
tuisceana
• Hipitéisí agus réamhinsintí a cheapadh, fianaise a scrúdú agus tátail
a bhaint as
• Fadhbanna agus cinntí a aithint agus a anailísiú, roghanna agus
malairtí a scrúdú, fadhbanna a fhuascailt agus an éifeacht a bheadh
acu a mheas
• Smaoineamh go samhlaíoch, dearcaí nua, fadhbanna agus/nó
réitigh a lorg, a bheith nuálach agus rioscaí a ghlacadh
CUMARSÁIDE A DHÉANAMH • Téacsanna agus cineálacha eile cumarsáide a anailísiú agus a
léirmhíniú
• Tuairimí a chur in iúl, buille faoi thuairim a thabhairt agus plé a
dhéanamh, dul i mbun réasúnaíochta agus a bheith páirteach i
ndíospóireachtaí agus in argóintí
• Dul i mbun comhrá, éisteacht go haireach agus tuairimí agus
mothúcháin a mhealladh ó dhaoine eile
• Cumadóireacht agus léiriú a dhéanamh ar bhealaí éagsúla
• Cur i láthair a dhéanamh agus meáin éagsúla in úsáid
7. PRÍOMHSCIL MÍREANNA
DUL I GCOMHAR LE
DAOINE
• Ag dul i gcomhar le daoine i gcomhthéacsanna éagsúla agus chun
spriocanna agus aidhmeanna difriúla a bhaint amach
• Spriocanna comhchoiteanna a aithint, a mheas agus a bhaint amach
• Freagrachtaí daoine aonair i ngrúpa a aithint agus cleachtais a bhunú do
na róil éagsúla i ngrúpa (m.sh. ceannaire, ball foirne)
• Dea-chaidreamh a chur ar bun le daoine eile agus dea-bhraistint a
chothú sa ghrúpa
• Glacadh le difríochtaí indibhidiúla, coimhlintí a idirbheartú agus a
réiteach
• Dul chun cinn a sheiceáil, obair an ghrúpa a athbhreithniú agus
machnamh pearsanta a dhéanamh ar a gcion féin sa ghrúpa
A BHEITH ÉIFEACHTACH
GO PEARSANTA
• A bheith in ann breithmheas a dhéanamh air/uirthi féin, a f(h)eidhmíocht
féin a mheas, aiseolas a fháil agus freagairt dó
• Spriocanna pearsantaa aithint, a mheasúnú agus a bhaint amach, lena
n-áirítear pleananna gníomhaíochta a cheapadh agus a mheas,
• Tréithe pearsanta a fhorbairt a chabhróidh leo i staideanna nua deacra,
mar shampla, conas feidhmiú as a stuaim féin, a bheith solúbtha agus a
bheith in ann coinneáil orthu go buanseasmhach nuair a bhíonn
deacrachtaí le sárú
• Dul i bhféinmhuiníne agus bheith in ann é/í féin a fhógairt mar dhuine
8. PRÍOMHSCIL MÍREANNA TORTHAÍ FOGHLAMA
BA CHÓIR GO GCUIRFÍ AR CHUMAS AN DHALTA:
Eolas a fháil ó fhoinsí
éagsúla
• an raon leathan d’fhoinsí eolais atá ar fáil ar scoil, ag an mbaile agus lasmuigh de sin a aithint
• teacht ar eolas gan mhoill in ábhair scríofa le cabhair straitéisí amhail úsaid a bhaint as cláir leabhar,
gluaiseanna, achoimrí ag deirí caibidlí agus mar sin de
• catalóga leabharlainne agus córais tagartha a úsáid chun teacht ar leabhair agus ar ábhair eile
• teacht ar eolas nua go tapa trí úsáid a bhaint as foclóirí, ábhair thagartha agus an idirlíon
• nascleanúint a dhéanamh ar an idirlíon chun teacht ar láithreáin speisialtóra a bhaineann leis an topaic is
ábhar staidéir dóibh
• daoine a úsáid mar fhoinsí eolais, chomh maith le foinsí cóip chrua/leictreonacha
Rogha agus idirdhealú a
dhéanamh idir fhoinsí
bunaithe ar a n-
iontaofacht agus a n-
oiriúnacht don chuspóir
• ceisteanna fócasaithe a cheapadh chun roghnú foinsí a threorú
• iontaofacht agus inchreidteacht foinsí a mheas trí úsáid a bhaint as critéir amhail údaracht, cleamhnú,
tráthúlacht, claonadh, saineolas an údáir
• an bonn ar a ndearnadh siad rogha a mhíniú agus a chosaint
Eolas a thaifeadadh, a
eagrú, a achoimriú agus
a chomhtháthú
• úsáid a bhaint as teicnící córasacha breathnadóireachta agus breactha nótaí
• nótaí eagraithe a choimeád a mbeifear in ann teacht go furasta orthu ina dhiaidh sin
• na príomhsmaointe i dtéacs a aithint trí úsáid a bhaint as réamheolas agus leideanna sa téacs (m.sh.
ceannteidil agus fo-cheannteidil, leagan amach na n-alt, conclúidí)
• úsáid a bhaint as raon modhanna chun eolas a eagrú, m.sh. liostaí, mapaí coincheapa, sreabhléaráidí
• achoimrí ar eolas a chumadh ina bhfocail féin
• eolas ó fhoinsí éagsúla a chomhtháthú trí chosúlachtaí agus difríochtaí eatarthu a scrúdú go córasach agus
tuairimí malartacha a lorg
EOLAS A
PHRÓISEÁIL
Eolas a chur i láthair ag
baint úsáide as raon
teicneolaíochtaí
faisnéise agus
cumarsáide
• roghanna a dhéanamh maidir leis an meán is fearr a úsáid nuair a bhíonn eolas á chur i láthair, an lucht
éisteachta, cuspóir an eolais agus na háiseanna atá ar fáil á gcur san áireamh
• roghanna a mhíniú agus a chosaint
• raon uirlisí TFC a úsáid go héifeachtach (m.sh. PowerPoint, gearrthóga físe, ceamara digiteach)
9. PRÍOMHSCIL MÍREANNA TORTHAÍ FOGHLAMA
BA CHÓIR GO GCUIRFÍ AR CHUMAS AN DHALTA:
Patrúin eolais agus
gaolmhaireachtaí idir
chineálacha eolais a
scrúdú; eolas a rangú
agus a chur in ord
• raon modhanna a úsáid chun pátrúin a aithint in eolas agus i smaointe, m.sh. liostaí, líonraí, ordlathas,
maitrísí, sreabhléaráidí, graif, mapaí, srl.
• an gaol idir rud ina iomláine agus a pháirteanna a mhíniú
• scrúdú córasach a dhéanamh ar chosúlachtaí agus ar dhifríochtaí mar bhonn chun comparáid agus
codarsnacht a dhéanamh
• a bheith in ann réada, imeachtaí nó smaointe a ghrúpáil de réir a n-aitreabúidí agus an bonn leis an rangú a
mhíniú
• an bonn ar a ndearnadh rangú a athrú, chun athrangú a dhéanamh
Argóintí a anailísiú agus
a dhéanamh, dúshlán a
chur faoi bhoinn
tuisceana
• an difríocht idir tuairim, breithiúnas réasúnaithe agus fíric a thuiscint
• breithiúnas a thabhairt maidir le inchreidteacht foinse eolais trí úsáid a bhaint as critéir amhail údaracht,
tráthúlacht agus claonadh a d’fhéadfadh bheith ann
• comhpháirteanna argóna a aithint, mar shampla, bonn tuisceana, fáthanna, frithargóintí agus
tátail/conclúidí
• na comhpháirteanna seo a úsáid agus a n-argóintí féin á ndéanamh acu
• an éifeacht atá le focail chorraitheacha in argóintí a aithint
Hipitéisí agus
réamhinsintí a
cheapadh, fianaise a
scrúdú agus tátail a
bhaint as
• snáithe réasúnaíochta a fhorbairt ó réamhinsint go fianaise go conclúid
• an gá le hathróga a aonrú agus a rialú chun cúisíochi láidir a mhaíomh
• cur síos a dhéanamh ar an ngaol idir athróga
• teorainneacha na réasúnaíochta comhghaolaí a léiriú
• tátail ghinearálaithe a bhaint agus a bheith feasach maidir le teorainneacha na dtátal sin
SMAOINTEOIREACHT
CHRITICIÚIL AGUS
CHRUTHAITHEACH
Fadhbanna agus cinntí a
aithint agus a scagadh,
roghanna agus malairtí
a scrúdú, fadhbanna a
réiteach agus an
éifeacht a bheadh acu a
mheas
• a aithint gur féidir cur chuige córasach a úsáid i leith fuascailt fadbhanna agus i leith na cinnteoireachta
• úsáid a bhaint as teicnící amhail tobsmaointeoireacht, amharcléiriú, aitreabúidí
dearfacha/diúltacha/suimiúla a liostú chun roghanna agus réitigh mhalartacha a chíoradh
• an éifeacht a d’fhéadfadh bheith ag roghanna agus ag malairtí a réamhinsint agus scrúdú córasach a
dhéanamh ar bhuntáistí agus ar mhíbhuntáistí gach ceann acu
• an tionchar a imríonn srianta an ghnáthshaoil a aithint
• toradh réitigh agus cinntí a mheas, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma
• an claonadh a d’fhéadfadh a bheith i gceist in anailís a dhéanamh le ‘cúlradharc’ a thuiscint
10. PRÍOMHSCIL MÍREANNA TORTHAÍ FOGHLAMA
BA CHÓIR GO GCUIRFÍ AR CHUMAS AN DHALTA:
Smaoineamh go
samhlaíoch, dearcaí
nua, fadhbanna
agus/nó réitigh a lorg, a
bheith nuálach agus
rioscaí a ghlacadh
• a aithint go mbíonn cineálacha éagsúla meoin ag gabháil le foirmeacha éagsúla smaointeoireachta (m.sh. is
minic gur gnéithe den smaointeoireacht chruthaitheach iad sreabhadh smaointe a chothú, comhcheangal
smaointe a chur i dtoll a chéile, breithiúnas a fhionraí chun smaointe a ghiniúint)
• a bheith inspreagtha chun dearcaí agus tuairimí malartacha a lorg agus staid a athshamhlú
• bheith toilteanach dul i bhfiontar agus foghlaim ó bhotúin agus ó smaointe a dteipeann orthu
• a bheith dianseasmhach maidir le coinneáil ar aghaidh le smaointe i dtaobh táirgí/agus nó beart
• caighdeán ard inmheánach a cheapadh i dtaca le fiúntas a gcuid oibre féin
11. PRÍOMHSCIL MÍREANNA TORTHAÍ FOGHLAMA
BA CHÓIR GO GCUIRFÍ AR CHUMAS AN DHALTA:
Téacsanna agus
cineálacha eile
cumarsáide a anailísiú
agus a léirmhíniú
• téacsanna a anailísiú ó thaobhanna éagsúla (m.sh. an lucht léite ceaptha, seánra, dearcadh an údair,
dearcadh cultúrtha/stairiúil)
• úsáid a bhaint as creataí aontaithe chun anailís a dhéanamh ar théacsanna agus ar fhoirmeacha
cumarsáide eile (m.sh. comhdhéanamh scannán, amharcealaíon, ríomhghrafaice)
• iontaofacht agus inchreidteacht foinsí a sheiceáil, argóintí agus ráitis atá a maíomh a anailísiú go grinn
• an chaoi a n-úsáidtear teanga agus foirmeacha eile cumarsáide chun áitimh agus chun reitrice a aithint
(m.sh. chun argóna polaitiúla, fógraíochta, bolscaireachta)
• a bhfreagairt phearsanta féin ar théacsanna agus ar fhoirmeacha eile cumarsáide a aithint agus a mhíniú
Tuairimí a chur in iúl,
buille faoi thuairim a
thabhairt, plé a
dhéanamh, dul i mbun
réasúnaíochta agus
ndíospóireachta
• an tábhacht a bhaineann le tuairimíocht agus le hargóint mar chineálacha comhrá le haghaidh foghlama
agus fóillíochta a aithint
• a bheith sách oscailte ina meon agus sách fiosrach chun dul i mbun tuairimíochta agus argóna
• argóint a eagrú agus a chosaint fad a bhítear ag éisteacht le tuairimí eile a thagann salach air
• an tionchar mothúchánach a d’fhéadfadh a bheith ag argóint láidir ar dhaoine eile a aithint
Dul i mbun comhrá,
éisteacht go haireach
agus tuairimí agus
mothúcháin daoine eile
a lorg
• éisteacht go haireach lena bhfuil le rá ag daoine eile
• tuairimí, dearcaí agus mothúcháin a mhealladh ó dhaoine eile trí straitéisí ceistithe is freagartha a úsáid go
cuí
• ionbhá a fhorbairt trí chásanna a shamhlú ó thaobh daoine eile
• freagairt aireachtálach a thabhairt ar an méid a bhíonn le rá ag daoine eile
Cumadóireacht agus
léiriú a dhéanamh ar
bhealaí éagsúla
• raon seánraí a aithint, mar aon lena gcuspóirí agus a stíleanna
• dul i mbun cumadóireachta i seánraí éagsúla, agus cumas pleanála, dréachtaithe agus athbhreithnithe a
léiriú
• mínithe agus mothúcháin a chur in iúl trí raon taibhithe (m.sh. amharcealaíona, drámaíocht, ceol, dearadh
agus grafaic)
CUMARSÁID A
DHÉANAMH
Cur i láthair a dhéanamh
agus meáin éagsúla in
úsáid
• an príomhchuspóir le mír chumarsáide a aithint agus ceangal a dhéanmh idir an gcuspóir sin agus a fhoirm
agus a nádúr
• roghanna a dhéanamh maidir le cén meán ar chóir a úsáid, ag cur an lucht féachana/éisteachta agus an
cuspóir san áireamh
• leasuithe cuí a dhéanamh ag brath ar cibé an cur i láthair ó bhéal nó cur i láthair scríofa atá i gceist
• raon uirlisí ginearálta TFC a úsáid go héifeachtach (e.g. PowerPoint, gearrthóga físe, agus TFC níos
speisialaithe más cuí)
• úsáid chuí a bhaint as modhanna drámatúla cur i láthair (m.sh. rólghlacadh, scéalaíocht)
• roghanna a mhíniú agus a chosaint
12. PRÍOMHSCIL MÍREANNA TORTHAÍ FOGHLAMA
BA CHÓIR GO GCUIRFÍ AR CHUMAS AN DHALTA:
Dul i gcomhar le daoine i
gcomhthéacsanna
éagsúla chun spriocanna
& aidhmeanna éagsúla a
bhaint amach
• a aithint gur cuid dhílis de shaol an bhaile, na scoile, na hoibre agus na fóillíochta í dul i mbun oibre le daoine
eile
• breathnú go grinn ar na cineálacha grúpa a mbíonn siad mar bhall díobh (m.sh. grúpaí foghlama, grúpaí
spóirt, grúpaí teaghlaigh) agus ar na difríochtaí eatarthu
• an gá atá le freagairt sholúbtha i gcomhthéacsanna difriúla a aithint
Spriocanna
comhchoiteanna a
aithint, a mheas agus a
bhaint amach
• dul i mbun oibre i bpéirí agus i ngrúpaí de níos mó ná beirt chun obair an ghrúpa a phleanáil
• dul i gcomhar le baill eile an ghrúpa chun spriocanna comhchoiteanna a aithint
• dul i gcomhar le baill ghrúpa féachaint conas is féidir le róil dhifriúla spriocanna foriomlána a bhaint amach
• smaointe agus riachtanais a chur in iúl laistigh den ghrúpa
• pleananna gníomhaíochta a aontú chun na spriocanna sin a bhaint amach
• modhanna a aontú chun baill uile an ghrúpa a choimeád ar an eolas i dtaobh le dul chun cinn
Freagrachtaí i ngrúpa a
aithint agus cleachtais a
bhunú do na róil éagsúla
(ceannaire, ball foirne, srl)
• cabhrú chun tascanna a roinnt ina gcodanna ionas gur féidir an obair a roinnt ar an ngrúpa ar fad
• glacadh le freagrachtaí an róil cibé an mar bhall foirne nó mar cheannaire foirne
• an chaoi a gcumascann a ról féin le freagrachtaí daoine eile sa ghrúpa a aithint
• tuairimí a chur in iúl faoin gcaoi a bhfuil obair an ghrúpa ag dul ar aghaidh
Dea-chaidreamh a chur
ar bun le daoine eile
agus dea-bhraistint a
chothú sa ghrúpa
• éisteacht go cúramach le tuairimí eile
• ionbhá a fhorbairt agus rudaí a fheiceáil ó thaobhanna eile
• mothúcháin a chur in iúl ar bhealaí cuí
• cabhrú le daoine eile ionas go mbraitheann siad mar bhaill den ghrúpa
• cabhrú chun an grúpa a inspreagadh chun coinneáil orthu nuair a bhíonn deacrachtaí le sárú
• gnóthachtálacha agus éachtaí an ghrúpa a cheiliúradh
Glacadh le difríochtaí
indibhidiúla, coimhlintí a
idirbheartú agus a
réiteach
• meas a léiriú ar chearta agus ar thuairimí daoine eile sa ghrúpa
• a aithint gur dócha go gcuirfear seasaimh agus tuairimí eile in iúl agus go nglacfar leo
• réimsí aontaithe agus easaontaithe a aithint i measc na seasamh éagsúil
• moltaí a dhéanamh faoi chomhréitigh fhéideartha agus bealaí malartacha ar aghaidh
• bealaí a aontú chun coimhlint a réiteach
DUL I GCOMHAR LE
DAOINE
Dul chun cinn a
sheiceáil, obair an
ghrúpa a athbhreithniú
agus machnamh
pearsanta a dhéanamh
ar a gcion féin sa ghrúpa
• cloí le spriocamanna agus le pleananna aontaithe
• monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn sa ghrúpa i bhfianaise pleananna aontaithe
• freagrachtaí aonair a idirbheartú
• meastóireacht ghrinn a dhéanamh ar chur chuige an ghrúpa agus an cur chuige a athrú más gá
• a bheith rannpháirteach i meastóireacht ar thorthaí i gcomparáid le spriocanna comhchoiteanna
• machnamh a dhéanamh ar an méid a rinne siad féin ar son an ghrúpa agus laigí agus nearta a aithint
• bealaí a aithint ina bhféadfaí scileanna comhair a fheabhsú
13. PRÍOMHSCIL MÍREANNA TORTHAÍ FOGHLAMA
BA CHÓIR GO GCUIRFÍ AR CHUMAS AN DHALTA:
A bheith in ann
breithmheas a
dhéanamh air/uirthi
féin, a bhfeidhmíocht
féin a mheas, aiseolas a
fháil agus freagairt dó
• a gcuid toilmhianta féin agus an méid ar mhaith leo a bhaint amach a aithint
• am a chur i leataobh chun machnamh a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach go dtí seo, agus le cabhair ó
dhaoine eile, dul i mbun breithmheasa ionraic ar a nearta agus ar a laigí
• athléimneacht a léiriú maidir le haiseolas a ghlacadh agus ciall a bhaint as
• réimsí beartaíochta a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu
Spriocanna pearsanta a
aithint, a mheas agus a
bhaint amach, lena n-
áirítear pleananna
gníomhaíochta a
cheapadh agus a mheas
• spriocanna réalaíocha pearsanta atá le baint amach laistigh de thréimhse ama a shocrú
• pleananna gníomhaíochta a cheapadh chun na spriocanna a bhaint amach agus modhanna a aithint chun
monatóireacht a dhéanamh ar conas atá ag éirí leis na pleananna (m.sh. spriocamanna, aiseolas ó dhaoine
eile)
• cabhair agus acmhainní a aithint a bheidh de dhíth chun na pleananna a chur i ngníomh agus na spriocanna
a bhaint amach
• meastóireacht a dhéanamh ar a mhéad a baineadh na spriocanna amach laistigh de thréimhse ama ar leith,
agus machnamh pearsanta a dhéanamh ar an gcaoi a socraítear spriocanna
• freagracht a ghlacadh as cinntí agus bearta, roghanna eolasacha a dhéanamh
• straitéisí a aithint chun roghanna eolasacha a dhéanamh
Tréithe pearsanta a
fhorbairt a chabhróidh
leo i staideanna nua
deacra, mar shampla,
feidhmiú as a stuaim
féin, a bheith solúbtha,
agus coinneáil orthu go
buanseasmhach nuair a
bhíonn deacrachtaí le
sárú
• a aithint gur dócha go mbeidh éiginnteacht ag baint le dálaí nua agus go mbeidh dúshláin phearsanta i
gceist iontu
• feidhmiú as a stuaim féin ar ócáidí áirithe agus gan é a fhágáil faoi dhuine éigin eile i gcónaí
• a bheith solúbtha agus ullamh chun cur chuige difriúil a thriail
• a thaispeáint gur féidir brath orthu coinneáil orthu le tascanna agus le gealltanais
• dianseasmhacht a léiriú agus gan géilleadh chomh luath is a bhíonn deacracht le sárú
A BHEITH
ÉIFEACHTACH GO
PEARSANTA
A bheith in ann é/í féin a
fhógairt mar dhuine
agus dul i
bhféinmhuiníne
• a aithint gur gá a gcuid tuairimí a chur in iúl ar bhealaí oiriúnacha
• dul i dtaithí ar staideanna sóisialta a ‘léamh' agus freagairt oiriúnach a thabhairt orthu
• a ngnóthachtálacha agus a n-éachtaí a cheiliúradh
• straitéisí a cheapadh chun féinbhraistint dhearfach a choinneáil nuair a bhíonn díomá agus frustrachas le
sárú