3. Fiarphlánaí 1
Ag deireadh na bileoige seo, ba chóir go mbeadh na daltaí in ann
•
An líne trasnaithe idir na plánaí éagsúla agus na plánaí
tagartha a tharraingt
•
Tuiscint a léiriú ar céard atá i gceist le rian ceartingearach agus
cothrománach de chuid plánaí aonchlaonta. (DVD acmhainne, sleamhnáin
chéimseata Plána agus tuairisciúil Uimh. 62-71 )
•
A thuiscint go bhfeictear claonadh an phlána aonchlaonta leis an bplána
ceartingearach sa bhonnchló
•
Go bhfeictear claonadh an phlána claonta leis an bplána cothrománach san
ingearchló
5. Fiarphlánaí 2
Ag deireadh na bileoige ba chóir go mbeadh na daltaí in ann
•
Teilgin solaid atá gearrtha ag plánaí aonchlaonta a chinneadh
•
Fíorchruth gearrthacha atá gearrtha ag plánaí aonchlaonta a chinneadh
•
Tuiscint a léiriú ar choincheap na bplánaí rabóidithe (féach DVD
Acmhainne sleamhnáin chéimseata Plána agus Tuairisciúil Uimh.72-79)
6. Fiarphlánaí 3
Tá pirimid gearrtha ag plána
aonchlaonta mar atá léirithe.
Comhlíon an t-ingearchló agus léirigh
fíorchruth an ghearrtha atá gearrtha
Úsáidtear cón atá gearrtha ag plána
aonchlaonta chun an suíochán atá léirithe a
dhearadh.
Comhlíon an bonnchló agus léirigh
fíorchruth an ghearrtha atá gearrtha
7. Fiarphlánaí 3
Ag deireadh na bileoige seo, ba chóir go mbeadh na daltaí in ann
•
Teilgin oibiachtaí atá gearrtha ag plánaí aonchlaonta a chinneadh
•
Fíorchruth na ngearrthacha atá gearrtha a chinneadh
•
Rabóidiú plánaí aonchlaonta a chleachtadh
8. Fiarphlánaí 4
Ag deireadh na bileoige seo, ba chóir go mbeadh na daltaí in ann
•
Idirdhealú idir dhromchlaí plána aonchlaonta agus fiarchlaonta
•
Tuiscint a léiriú ar choincheap an dromchla plána arna shainiú ag a chuid
rianta
•
Teilgin a tharraingt de línte ar fhiarphlána atá comhthreomhar leis an bPlána
Cothrománach
•
Teilgin a tharraingt de línte ar fhiarphlána atá comhthreomhar leis an bPlána
Ceartingearach
10. Fiarphlánaí 5
Cuimsítear sorcóir atá gearrtha ag fiarphlána sa bhfoirgneamh atá léirithe.
Taispeántar an t-ingearchló neamhiomlán agus bonnchló an tsorcóra agus rianta
d'fhiarphlána anseo thíos.
(a) Comhlíon an t-ingearchló agus cinn fíorchruth an dromchla gearrtha.
(b) Sainaithin na mór-aiseanna agus na mion-aiseanna i bhfíorchruth an
dromchla gearrtha.
Pláinéadlann Chóbanhávan
11. Fiarphlánaí 5
Ag deireadh na bileoige seo ba chóir go mbeadh na daltaí in ann
•
Ciumhaisamharc d'fhiarphlána a tharraingt (fiarphlána a thiontú go plána
aonchlaonta)
•
Teilgean solad atá gearrtha ag plána aonchlaonta a chinneadh
•
Fiarphlána a rabóidiú
•
Fíorchruth oibiachtaí atá gearrtha ag fiarphlána a aimsiú
12. Fiarphlánaí 6
Ag deireadh na bileoige seo ba chóir go mbeadh na daltaí in ann
•
Pointí ar an bhfiarphlána san ingearchló a aimsiú ón mbonnchló.
Féach freisin DVD acmhainne, sleamhnáin chéimseata Plána agus
Tuairisciúil Uimh. 84-115 )
•
Claonadh an fhiarphlána leis an bplána cothrománach a léiriú le dhá mhodh
•
Fíorchruth an ghearrtha atá gearrtha a fháil
14. Fiarphlánaí 7
Ag deireadh na bileoige seo, ba chóir go mbeadh na daltaí in ann
•
Gearrthacha sféir atá gearrtha a tharraingt agus iad ar an eolas go
dtáirgfidh sféar atá gearrtha ag aon phlána gearrthacha ciorclacha
•
Pointí san ingearchló a aimsiú ón mbonnchló
16. Fiarphlánaí 8
Ag deireadh na bileoige seo ba chóir go mbeadh na daltaí in ann
•
An méid atá foghlamtha acu ó bhileoga roimhe seo a úsáid chun an fhadhb a
réiteach
19. Fiarphlánaí 9
Ag deireadh na bileoige seo ba chóir go mbeadh na daltaí in ann
•
Tuiscint a léiriú go bhfuil aon phointe ar an bplána atá ag bualadh i gcoinne
an líne XY san ingearchló ar an Rian Cothrománach sa bhonnchló
•
Tuiscint a léiriú go mbeidh aon líne cothrománach atá ar an bplána san
ingearchló comhthreomhar leis an rian cothrománach sa bhonnchló
21. Fiarphlánaí 10
Ag deireadh na bileoige seo, ba chóir go mbeadh na daltaí in ann
•
Rianta fiarphlána a tharraingt, áit a thugtar a chlaonadh leis an bplána
cothrománach tugtha, ag úsáid dhá mhodh.
•
Claonadh an fhiarphlána leis an bplána ceartingearach a aimsiú.
23. Fiarphlánaí 11
Ag deireadh na bileoige seo, ba chóir go mbeadh na daltaí in ann
•
An t-eolas a bailíodh sa bhileog roimhe seo a úsáid chun ingearchló agus
bonnchló an tsolaid ghearrtha a chomhlíonadh
•
Fíorchruth an ghearrtha atá gearrtha a fháil
•
A bhunú go bhfeicfear fíorfhad na láimhe san ingearchló cúnta
•
Tuiscint a léiriú go mbeidh an dronuillinn le feiceáil má ghlactar le líne
amháin mar fhíorfhad
•
Tuiscint a léiriú go bhfuil líne atá ingearach le plána ingearach le gach líne
ar an bplána sin
25. Fiarphlánaí 12
Ag deireadh na bileoige seo, ba chóir go mbeadh na daltaí in ann
•
An uillinn déhéidreach a aithint idir dhá dhromchla ceartingearach a
trasnaíonn a chéile
•
An uillinn déhéidreach idir dhá dromchla dín trasnacha a chinneadh nuair a
thugtar an líne trasnaithe atá cothrománach
•
An uillinn déhéidreach idir dhá phlána trasnacha a chinneadh
•
An líne trasnaithe idir dhá phlána trasnacha a chinneadh
27. Fiarphlánaí 13
Ag deireadh na bileoige seo, ba chóir go mbeadh na daltaí in ann
•
Rianta fiarphlánaí ina chuimsítear dromchlaí tugtha a chinneadh
•
An líne trasnaithe idir dhá phlána a chinneadh
•
An claonadh atá ag plána leis na plánaí tagartha a chinneadh
29. Fiarphlánaí 14
Ag deireadh na bileoige seo, ba chóir go mbeadh na daltaí in ann
•
Rianta cothrománacha agus ceartingearacha dhá laminae trasnacha a
chinneadh
•
An líne trasnaithe idir fhiarphlánaí a chinneadh óna gcuid rianta
•
An uillinn déhéidreach idir dhá fhiarphlána a chinneadh óna gcuid rianta
•
An uillinn chlaonta d'fhiarphlána leis na plánaí tagartha a chinneadh
31. Fiarphlánaí 15
Ag deireadh na bileoige seo, ba chóir go mbeadh na daltaí in ann
•
An airde a chinneadh agus ingearchló na ndromchlaí dín A, B agus C a
tharraingt
•
An fíorfhad atá ag fiarlíne a chinneadh
•
An uillinn déhéidreach idir dhá dhromchla dín trasnacha a aimsiú
•
An fíorchruth atá ag plána fiarchlaonta a aimsiú
•
Teilgin a chinneadh de líne tarraingthe ó phointe X atá 45mm ar fhad agus a
luíonn ar an dromchla dín C
•
Fíorchlaonadh líne go dtí an Plána Coothrománach a chinneadh
33. Fiarphlánaí 16
Ag deireadh na bileoige seo, ba chóir go mbeadh na daltaí in ann
•
Fíorfhad na líne trasnaithe idir dhá phlána a chinneadh
•
An uillinn déhéidreach idir dhá phlána a chinneadh
•
An fíorchruth atá ag fiarphlánaí a chinneadh
•
Teilgin a chinneadh de líne 45mm ar fhad atá ag luí ar phlána le huillinn
dhealraitheach de 45 céim aige
•
Fadhbanna a réiteach a bhaineann le haisiompú na huillinne dhéihéidrigh
idir dhá phlána